Is é íoslódáil ó shuíomh oifigiúil Tor https://www.torproject.org/download an bealach is fusa is sábháilte chun Brabhsálaí Tor a fháil.
Ceanglóidh tú leis an suíomh trí HTTPS, ionas go mbeidh sé níos deacra do bhradaí ionsaí a dhéanamh ar an gceangal.
Uaireanta ní bheidh tú in ann suíomh oifigiúil Thionscadal Tor a rochtain; mar shampla, dá mbeadh cosc air ar do líonra.
Má tharlaíonn sé seo, is féidir leat ceann de na modhanna malartacha seo a leanas a úsáid chun Tor a íoslódáil:
SCÁTHÁIN
Mura bhfuil tú in ann Brabhsálaí Tor a íoslódáil ó shuíomh oifigiúil Thionscadal Tor, bheifeá in ann triail a bhaint as ceann de na scátháin oifigiúla, trí EFF nó Institiúid Calyx.
GetTor
Is éard atá in GetTor ná seirbhís a fhreagraíonn teachtaireachtaí le nascanna leis an leagan is déanaí de Bhrabhsálaí Tor, óstáilte in áiteanna éagsúla, ar nós Dropbox, Tiomántán Google, agus Github.
TO USE GETTOR VIA EMAIL
Seol teachtaireacht rphoist chuig gettor@torproject.org agus cuir an focal amháín “windows”, “osx”, nó “linux” (gan comharthaí athfhriotail) i gcorp na teachtaireachta, ag brath ar an gcóras oibriúcháin atá agat.
For example, to get links for downloading Tor Browser for Windows, send an email to gettor@torproject.org with the word "windows" in it.
Seolfaidh GetTor ríomhphost ar ais chugat ina bhfuil nascanna le pacáiste Brabhsálaí Tor, leis an síniú cripteagrafach (chun an íoslódáil a dheimhniú), le méarlorg na heochrach a úsáideadh chun an síniú a dhéanamh, agus le suim sheiceála an phacáiste. Seans go mbeidh deis agat leagan “32-giotán” nó “64-giotán” a íoslódáil; braitheann sé ar an ríomhaire a úsáideann tú.
TO USE GETTOR VIA TELEGRAM
Send a message to @GetTor_Bot on Telegram.
