Má sheolann tú sonraí phearsanta, mar shampla focail fhaire, ar an Idirlíon gan chriptiú, tá sé an-éasca do chúléisteoir iad a idircheapadh. Má tá tú ag logáil isteach i suíomh Gréasáin, ba chóir duit deimhniú go n-úsáideann an suíomh criptiú HTTPS, rud a chosnaíonn ar an sórt seo cúléisteachta thú. Is féidir leat é seo a dheimhniú sa bharra URL: má tá do cheangal criptithe, tosóidh an seoladh le “https://”, in áit “http://”.
Mód HTTPS Amháin i mBrabhsálaí Tor
Cuireann mód HTTPS-Only iachall ar gach nasc chuig láithreáin ghréasáin nasc slán criptithe ar a dtugtar HTTPS a úsáid.
Tacaíonn formhór na suíomhanna gréasáin le HTTPS cheana féin; tacaíonn roinnt acu le HTTP agus HTTPS.
Cinntíonn cumasú an mhód seo go n-uasghrádófar do naisc go léir le láithreáin ghréasáin chun HTTPS a úsáid agus mar sin slán.
Ní thacaíonn roinnt suíomhanna gréasáin ach le HTTP agus ní féidir an nasc a uasghrádú. Mura bhfuil leagan HTTPS de shuíomh ar fáil, feicfidh tú leathanach "Níl Ceangal Slán ar Fáil":
Má chliceálann tú ar ‘Lean ar aghaidh chuig Láithreán HTTP’ glacann tú leis an riosca agus ansin tabharfaidh tú cuairt ar leagan HTTP den suíomh. Déanfar Mód HTTPS Amháin a mhúchadh go sealadach don suíomh sin.
Cliceáil ar an gcnaipe ‘Téigh ar ais’ más mian leat aon naisc neamhchriptithe a sheachaint.
Sábháilteacht cripte-airgeadra
Cuireann Brabhsálaí Tor leid slándála i láthair má tá seoladh cryptocurrency cóipeáilte ó shuíomh Gréasáin HTTP neamhdhaingean.
D'fhéadfaí an seoladh cryptocurrency a mhodhnú agus níor cheart a bheith iontaofa.
Má chliceáiltear ar ‘Athlódáil Cluaisín le Ciorcad Nua’, déanfar iarracht leagan slán den suíomh Gréasáin a lódáil le ciorcad nua Tor.
Má chliceálann tú ‘Díbhe’ glacfaidh tú leis an riosca agus déanfar an seoladh cryptocurrency a chóipeáil chuig an ngearrthaisce.
An chaoi a n-oibríonn criptiúchán HTTPS agus Tor i mBrabhsálaí Tor chun do phríobháideachas agus do anaithnideacht a fheabhsú
Taispeánann an pictiúr seo an t-eolas atá cúléisteoirí in ann a fheiceáil le Brabhsálaí Tor agus criptiú HTTPS, agus gan iad:
- Tar éis duit an cnaipe “Tor” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil Tor ar siúl.
- Tar éis duit an cnaipe “HTTPS” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú HTTPS. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil HTTPS ar siúl.
- Nuair a bhíonn an dá chnaipe uaine, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor agus HTTPS le chéile.
- Nuair a bhíonn an dá chnaipe liath, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair nach n-úsáideann tú Tor ná HTTPS.
SONRAÍ A FHÉADFADH A FHÁIL
-
Tuairisc.ie
-
An suíomh a dtugtar cuairt air.
-
úsáideoir / focal faire
-
Ainm úsáideora agus focal faire a úsáidtear le fíordheimhniú.
-
sonraí
-
Na sonraí á n-aistriú.
-
suíomh
-
Seoladh an ríomhaire a úsáideadh chun cuairt a thabhairt ar an suíomh (an seoladh IP poiblí).
-
Tor
-
An bhfuil Tor in úsáid nó nach bhfuil.