De réir réamhshocraithe, cosnaíonn Brabhsálaí Tor do shlándáil trí do shonraí brabhsála a chriptiú. Is féidir leat do shlándáil a mhéadú tuilleadh ach roghnú gnéithe áirithe gréasáin a dhíchumasú is féidir a úsáid chun do shlándáil agus do anaithnideacht a chur i mbaol. Is féidir leat é seo a dhéanamh trí Leibhéil Slándála Brabhsálaí Tor a mhéadú sa roghchlár sciath. Má mhéadaítear leibhéal slándála Brabhsálaí Tor, cuirfear stop le roinnt leathanach gréasáin ó oibriú i gceart, mar sin ba cheart duit do riachtanais slándála a mheá i gcomparáid leis an méid inúsáidteachta atá uait.

ROCHTAIN AR NA LEIBHÉIL SLÁNDÁLA

Is féidir an roghchlár Leibhéil Slándála a rochtain ach cliceáil ar an deilbhín Sciath in aice le barra URL Brabhsálaí Tor. Chun do Leibhéil Slándála a fheiceáil agus a choigeartú, cliceáil ar an gcnaipe ‘Socruithe’ sa roghchlár sciath.

Cliceáil ar 'Socruithe' faoin roghchlár sciath

LEIBHÉIL SLÁNDÁLA

Má mhéadaítear an Leibhéal Slándála i socruithe Slándála Brabhsálaí Tor, díchumasófar nó díchumasófar go páirteach gnéithe brabhsálaí áirithe chun cosaint a dhéanamh ar ionsaithe féideartha. Is féidir leat na socruithe seo a chumasú arís am ar bith trí do Leibhéal Slándála a choigeartú.

Tá an Leibhéal Slándála socraithe go dtí an leibhéal is Sábháilte faoi láthair

Caighdeánach
  • Ag an leibhéal seo, tá gach Brabhsálaí Tor agus gnéithe suímh ghréasáin cumasaithe.
Níos Sábháilte
  • Díchumasaíonn an leibhéal seo gnéithe láithreán gréasáin a bhíonn contúirteach go minic. Seans go gcaillfidh roinnt suíomhanna feidhmiúlacht dá bharr.

  • Tá JavaScript díchumasaithe ar gach suíomh nach HTTPS; tá roinnt clónna agus siombailí matamaitice díchumasaithe; is cliceáil le himirt iad fuaime agus físe (meáin HTML5).

Sábháilte
  • Ní cheadaíonn an leibhéal seo ach gnéithe láithreán gréasáin a theastaíonn le haghaidh suíomhanna statacha agus seirbhísí bunúsacha. Bíonn tionchar ag na hathruithe seo ar íomhánna, meáin, agus scripteanna.

  • Tá Javascript díchumasaithe de réir réamhshocraithe ar gach suíomh; tá roinnt clónna, deilbhíní, siombailí matamaitice, agus íomhánna díchumasaithe; is cliceáil le himirt iad fuaime agus físe (meáin HTML5).