Ba cheart go mbeifeá in ann an Gréasán a bhrabhsáil le Brabhsálaí Tor go díreach tar éis duit an clár a thosú, agus an cnaipe “Ceangail” a chliceáil an chéad uair a úsáideann tú é.

Réiteach tapa

Murar féidir le Brabhsálaí Tor ceangal leis an líonra, seans go bhfuil réiteach simplí ann. Bain triail as gach ceann de na moltaí seo:

  • Ní mór do chlog an chórais a bheith socraithe i gceart, nó nach mbeidh Tor in ann ceangal leis an líonra.
  • Deimhnigh nach bhfuil Brabhsálaí Tor eile ag rith cheana. Mura bhfuil tú cinnte faoi seo, atosaigh do ríomhaire.
  • Deimhnigh nach bhfuil aon bhogearra frithvíreas ag cur cosc ar Tor. Seans gur gá duit doiciméadú an bhogearra frithvíreas a cheadú mura bhfuil a fhios agat conas é seo a dhéanamh.
  • Díchumasaigh do bhalla dóiteáin go sealadach.
  • Scrios an Brabhsálaí Tor agus suiteáil arís é. Má tá leagan nua ar fáil, ná forscríobh na comhaid a bhí ann; deimhnigh gur scrios tú go hiomlán iad ar dtús.
An bhfuil do cheangal faoi chinsireacht?

Mura bhfuil tú in ann ceangal fós, b'fhéidir go bhfuil do Sholáthraí Seirbhíse Idirlín ag déanamh cinsireacht ar líonra Tor. Léigh an leathanach Timpeallú le foghlaim conas is féidir an fhadhb a réiteach.

Fadhbanna ar eolas

Tá Brabhsálaí Tor á fhorbairt ar bhonn leanúnach, agus tá a fhios againn faoi roinnt fadhbanna nach bhfuil réiteach orthu fós. Féach ar an leathanach Fadhbanna ar eolas le féachaint an bhfuil an fhadhb a fheiceann tusa ann cheana.