Is é íoslódáil ó shuíomh oifigiúil Tor https://www.torproject.org/download an bealach is fusa is sábháilte chun Brabhsálaí Tor a fháil.
Ceanglóidh tú leis an suíomh trí HTTPS, ionas go mbeidh sé níos deacra do bhradaí ionsaí a dhéanamh ar an gceangal.
Uaireanta ní bheidh tú in ann suíomh oifigiúil Thionscadal Tor a rochtain; mar shampla, dá mbeadh cosc air ar do líonra.
Má tharlaíonn sé seo, is féidir leat ceann de na modhanna malartacha seo a leanas a úsáid chun Tor a íoslódáil:
SCÁTHÁIN
Mura bhfuil tú in ann Brabhsálaí Tor a íoslódáil ó shuíomh oifigiúil Thionscadal Tor, bheifeá in ann triail a bhaint as ceann de na scátháin oifigiúla, trí EFF nó Institiúid Calyx.
GetTor
Is éard atá in GetTor ná seirbhís a fhreagraíonn teachtaireachtaí le nascanna leis an leagan is déanaí de Bhrabhsálaí Tor, óstáilte in áiteanna éagsúla, ar nós Dropbox, Tiomántán Google, agus Github.
LE GETTOR A ÚSÁID TRÍ RÍOMHPHOST
Seol teachtaireacht rphoist chuig gettor@torproject.org agus cuir an focal amháín “windows”, “osx”, nó “linux” (gan comharthaí athfhriotail) i gcorp na teachtaireachta, ag brath ar an gcóras oibriúcháin atá agat.
Mar shampla, chun naisc a fháil chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil do Windows, seol ríomhphost chuig gettor@torproject.org leis an bhfocal “fuinneoga” ann.
Seolfaidh GetTor ríomhphost ar ais chugat ina bhfuil nascanna le pacáiste Brabhsálaí Tor, leis an síniú cripteagrafach (chun an íoslódáil a dheimhniú), le méarlorg na heochrach a úsáideadh chun an síniú a dhéanamh, agus le suim sheiceála an phacáiste. Seans go mbeidh deis agat leagan “32-giotán” nó “64-giotán” a íoslódáil; braitheann sé ar an ríomhaire a úsáideann tú.
CHUN GETTOR A ÚSÁID VIA TELEGRAM
Seol teachtaireacht chuig @GetTor_Bot ar Telegram.