Teastaíonn an t-am ceart ar chlog an chórais (agus an crios ama ceart) ó Tor.
Is eol dúinn go gcuireann na bogearraí balla dóiteáin seo isteach ar Tor, agus seans gur gá duit iad a dhíchumasú go sealadach:
- Webroot SecureAnywhere
- Kaspersky Internet Security 2012
- Bogearra Frithvíreas Sophos ar Mac
- Riachtanais Slándála Microsoft
Níl aon fháil ar fhíseáin a úsáideann Adobe Flash. Tá Flash díchumasaithe ar chúiseanna slándála.
Ní féidir le Tor droichead a úsáid má tá seachfhreastalaí ann.
Is é 1 Eanáir 2000 00:00:00 UTC an dáta ar phacáiste Bhrabhsálaí Tor. Cinntíonn sé seo gur féidir gach leagan den bhogearra a atáirgeadh go cruinn.
Caithfidh tú script a rith chun Brabhsálaí Tor a úsáid ar chóras Ubuntu. Oscail "File" (taiscéalaí Unity), oscail Preferences → Behavior Tab agus faoi "Run executable text files when they are opened", roghnaigh "Ask every time", ansin cliceáil "OK".
Nó is féidir leat Brabhsálaí Tor a thosú ó líne na n-orduithe tríd an ordú seo a leanas a rith laistigh de chomhadlann Bhrabhsálaí Tor:
./start-tor-browser.desktop
BitTorrent is not anonymous over Tor.