Tá “Sleamhnán Slándála” ar fáil mar chuid de Bhrabhsálaí Tor, rud a neartaíonn do shlándáil trí ghnéithe áirithe sa bhrabhsálaí a dhíchumasú, go háirithe gnéithe a úsáidtear chun ionsaí a dhéanamh ort. Má ardaíonn tú an leibhéal slándála i mBrabhsálaí Tor, ní fheidhmeoidh leathanaigh áirithe mar is ceart, agus dá bharr sin caithfidh tú do shlándáil a mheas in aghaidh inúsáidteacht na suíomh a dtugann tú cuairt orthu.

Rochtain ar an Sleamhnán Slándála

Gheobhaidh tú an Sleamhnán Slándála i roghchlár an chnaipe Tor faoi “Socruithe Slándála”.

Leibhéil Slándála

Má ardaíonn tú leibhéal an tSleamhnáin Slándála, díchumasófar gnéithe áirithe sa bhrabhsálaí mar chosaint ar ionsaithe.

Is Sábháilte
Ag an leibhéal seo, caithfidh tú físeáin agus comhaid fuaime HTML5 a chliceáil chun iad a sheinm trí NoScript; ní chuirtear aon optamú JavaScript i bhfeidhm; seans nach dtaispeántar cothromóidí áirithe matamaiticiúla i gceart; ní úsáidtear gnéithe áirithe agus clófhoirne á dtarraingt ar an scáileán; ní thaispeántar cineálacha áirithe íomhá; tá JavaScript díchumasaithe de réir réamhshocraithe ar gach suíomh; tá an chuid is mó de na formáidí físe agus fuaime díchumasaithe; agus ní thaispeántar roinnt clófhoirne agus deilbhíní i gceart.
Níos Sábháilte
Ag an leibhéal seo, caithfidh tú físeáin agus comhaid fuaime HTML5 a chliceáil chun iad a sheinm trí NoScript; ní chuirtear aon optamú JavaScript i bhfeidhm; seans nach dtaispeántar cothromóidí áirithe matamaiticiúla i gceart; ní úsáidtear gnéithe áirithe agus clófhoirne á dtarraingt ar an scáileán; ní thaispeántar cineálacha áirithe íomhá; agus tá JavaScript díchumasaithe de réir réamhshocraithe ar gach suíomh nach mbaineann úsáid as HTTPS.
Gnáthshlándáil
Ag an leibhéal seo, tá gach gné cumasaithe. Seo an rogha is inúsáidte.